Earcaíocht san Earnáil Phoiblí Dail Éireann — 2021-06-17 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West B'fhéidir nach é sin an fhadhb ar chor ar bith. B'fhéidir gurb é an fhadhb atá ann ná go bhfuiltear ag srianú daoine trí iad a chur ar an bpainéal Gaeilge amháin. Níl daoine ar an bpainéal sin in ann fostaíocht a fháil sa tseirbhís phoiblí ach i bpoist atá bainteach leis an nGaeilge. Má tá Gaeilge agus Béarla ag daoine, a oiread liom féin, oibríonn siad trí Bhéarla nó trí Ghaeilge de réir mar a oireann. Cad chuige a shrianfadh daoine iad féin go poist ina gcuirtear i mbosca beag na Gaeilge iad nuair a bheadh an Státseirbhís oscailte do dhaoine dátheangacha má théann siad ar an bpainéal Béarla, mar a thug an tAire Stáit air? An ndearna aon scrúdú air sin? An ceann de na fáthanna é nach bhfuil daoine ag cur isteach ar an bpainéal sin toisc go srianann sé sin a dtodhchaí sa tseirbhís phoiblí le hais cur isteach ar an bpainéal eile, mar a bhíodh sé fadó? An bhfuil an tAire Stáit ag rá liomsa nach bhfuil cumas Béarla ag na daoine atá ar an bpainéal Gaeilge? Cén fáth nach mbeidh siadsan in ann a bheith earcaithe sa Státseirbhís ginearálta go huathoibríoch, ag glacadh leis go bhfuil Béarla agus Gaeilge acu? Níl aon uireasa ag na Gaeilgeoirí. Tá an uireasa ar na Béarlóirí. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:24+00:00 Sitting date: 2021-06-17