Earcaíocht san Earnáil Phoiblí Dail Éireann — 2021-06-17 ============================================================ Ossian Smyth (GP), Dún Laoghaire Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil gá leis an gcóras seo a athrú. Is é sin an fáth go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ag teacht, chun fadhbanna mar seo a réiteach. Tá orainn níos mó daoine atá dátheangach a earcú. Tá orainn freisin oideachas a chur ar fáil do dhaoine atá fostaithe roimhe chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú. I mo Roinn féin, tá seirbhís mhór oideachais ann chun an sprioc seo a bhaint amach. Tá iarracht á déanamh agam chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:24+00:00 Sitting date: 2021-06-17