Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-06-22 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá ceist agam don Aire agus don Aire Stáit. Tá an bheirt acu anseo. An dtabharfaidh siad uasdátú dúinn ar an ról nó ar na cumhachtaí atá acu chun spriocanna maidir le stádas na Gaeilge sna Sé Chontae a bhaint amach agus ar an gcur chun cinn is gá teacht ar an scéal? Nílim ag caint faoin reachtaíocht amháin ach faoin gcomhaontú New Decade, New Approach a chomhlíonadh ina iomláine. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:25+00:00 Sitting date: 2021-06-22