Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-06-22 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá gach duine sásta go bhfuilimid ag bogadh ar aghaidh ó thaobh an Fheidhmeannais ó Thuaidh agus nach bhfuil an bhagairt chéanna ann a bhí ann an tseachtain seo caite agus mé ag scríobh na ceiste seo. Glacaim an deis tréaslú leo siúd a bhí ag lorg cearta teanga sna Sé Chontae thar na blianta. Gealladh dóibh breis is 15 bliana ó shin go mbeadh Acht le rith agus tá sé ann anois de thairbhe gur sheasaimid an fód le cinntiú go gcomhlíonfar an gealltanas a tugadh sa chomhaontú New Decade, New Approach agus go mbeadh amchlár againn. Is é an príomhrud anois ná go mbeidh reachtaíocht ann a bhfuil téagar taobh thiar de, agus go mbeidh cearta gafa léi agus nach bréagchráifeacht a bheadh i gceist le reachtaíocht nach dtugadh cearta do Ghaeilgeoirí sna Sé Chontae. Tá ceist agam ar an Aire Stáit faoi na céimeanna eile atá le glacadh anois. An bhfuil sé i gceist aige labhairt le ceannaire nua an DUP go luath nuair a bheidh sé roghnaithe, measaim Jeffrey Donaldson, le cinntiú nach mbeidh sé nó na hAirí eile ag fanacht siar ó na cruinnithe tras-Teorann? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:25+00:00 Sitting date: 2021-06-22