Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-06-22 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá an cheist seo pléite go rímhinic leis an údarás cuí. Tá an Roinn seo ag iarraidh go ndéanfar dul chun cinn leis an reachtaíocht seo, mar a dúirt mé. Leanfar leis an gceist seo a ardú leis an údarás ó Thuaidh go dtí go mbeidh toradh sásúil ar an scéal. Feictear domsa go bhfuil cothrom na Féinne tuillte ag pobal labhartha na Gaeilge ó Thuaidh. Ba cheart an reachtaíocht seo a bheith tugtha chun cinn agus, faoi mar ata ráite agam cheana, táim sásta an méid agus is féidir liom a dhéanamh ar mhaithe le tacú agus comhlíonadh an ghealltanais a rinneadh ina leith. Tá an Rialtas ag súil go mbeifear in ann an reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach chomh luath in Éirinn agus is féidir. Déanfar an cheist a thomhas go dtí go mbeidh toradh ar an scéal atá sásúil agus a thagann leis an ngealltanas a bhí déanta ina leith. Tá tagairt déanta ag an Teachta do cheannaireacht an DUP. Níl sé i gceist agam aon ráiteas a dhéanamh maidir leis an méid a thit amach le cúpla lá anuas. Is ceist í sin do cheannaireacht an pháirtí. Níl le rá agam ag an am seo ach go mbeidh mé ag comhoibriú leis na páirtithe go léir san Fheidhmeannas lenár spriocanna roinnte a bhaint amach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:25+00:00 Sitting date: 2021-06-22