Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-06-22 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Níor lorg mé aon fhreagra mar gheall ar an gceannaire nua ach d'fhiafraigh mé an bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit cruinniú a lorg leis an gceannaire nua nó leis an gCéad Aire nua, nuair a bheidh a leithéid roghnaithe, chun a dhéanamh cinnte de nach mbeidh an DUP ag déanamh baghcat ar chruinnithe Thuaidh-Theas uile-Éireann idir Airí, mar a bhí siad á dhéanamh go dtí seo, agus nach mbeidh siad ag cur bac, srian nó moill ar chinntí maidir leis an teanga, le Foras na Gaeilge agus a leithéid, agus ag cur moille dá réir ar na cearta atá ag dul do Ghaeilgeoirí ar an oileán seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:25+00:00 Sitting date: 2021-06-22