Emergency Measures in the Public Interest (Covid-19) Bill 2020: Second Stage Dail Éireann — 2020-03-26 ============================================================ Leo Varadkar (FG), Dublin West I move: "That the Bill be now read a Second Time." Inniu táimid bailithe le chéile chun dul i ngleic le héigeandáil nár tharla riamh roimhe seo. Sular phléimid an éigeandáil seo, ba mhaith liom ómós a thabhairt dóibh siúd go léir a tháinig le chéile ar aon chéim leis an iarracht náisiúnta ollmhór seo. Is meitheal é. Ag obair ar scáth a chéile a mhaireann na daoine: ár bhfoireann chúram sláinte, ár státseirbhísigh, daoine atá ag obair sna húdaráis áitiúla, daoine atá ag obair go deonach, Óglaigh na hÉireann, An Garda Síochána, miondíoltóirí, feirmeoirí agus oibrithe iompair, ár gcúramóirí agus ár lucht cúraim, ár n-oibrithe poist, iad siúd go léir sa saol reiligiúnach agus luchtanna cógaisíochta, táirgthe bia agus seirbhíse bia agus gléis leighis. Tá cách ag freagairt an dúshláin agus tá ár muintir fíor-bhuíoch as sin. Ba mhaith liom a chur in iúl do chuile dhuine comhairle sláinte an phobail a leanúint agus molaim go leanfaidh siad ar aghaidh leis an gcúig chéim atá molta: ní na lámha go rialta, dea-bhéas a bheith agat agus tú ag casacht, coinnigh do lámha ó d’aghaidh, scarradh fisiciúil a chóiméad agus fanacht sa mbaile muna bhfuil tú ar fónamh. I wish to share my time with the Minister for Finance, Deputy Paschal Donohoe. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:14+00:00 Sitting date: 2020-03-26