Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Baineann an cheist seo leis an tuairisc ó mo choiste féin, an Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, dar teideal Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an Tacaíocht atá á hIarraidh ina Leith. Seoladh an tuairisc seo chuig gach uile Comhalta an tseachtain seo caite. Tamall de sheachtainí ó shin, sheol muid na moltaí chuig an Aire, chuig an Aire Airgeadais agus chuig an Aire Stáit, an Teachta Chambers, chun cinnte a dhéanamh go raibh siad ar an eolas faoi na moltaí ionas go mbeidh siad curtha san áireamh sa bhuiséad. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit ábalta freagra a thabhairt dom ar an gceist seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05