Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá aitheantas ag dul don Aire Stáit, dar ndóigh, agus don Rialtas as an mbeartas a rinne siad maidir le hallaí pobail agus mná tí tar éis feachtas uathu sin ag lorg cuidithe. Sa chás seo, is iad na coláistí samhraidh féin atá, i roinnt cásanna, i ngéarchéim toisc gur gá dóibh airgead a chaitheamh bliain i ndiaidh bliana agus gan aon teacht isteach acu. Is éarlais a bhí in aon airgead a bhí acu agus bhí orthu é a íoc ar ais. Tugadh roinnt cuidithe dóibh in 2020 ach in 2021, ní raibh aon ioncam ann. Má tá rúnaíocht nó fógraíocht i gceist nó má tá duine ag freagairt an fhóin agus ag glacadh le bookings ar áit sna coláistí samhraidh, tá gá le hairgead. Ní suim mhór atá i gceist i gcomparáid leis na hearnálacha eile a bhfuair cuidiú le linn na paindéime. Is ceann de na heagrais iad na coláistí samhraidh agus ba chóir go mbeadh cuidiú éigin ar fáil do na heagrais seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05