Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Bhí teagmháil rialta ag mo Roinn leis na hionadaithe ó na coláistí agus go háirithe leis an scátheagraíocht, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS. Cuireann mo Roinn deontas reáchtála ar fáil do CONCOS gach bliain ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh. Tuigim go maith na deacrachtaí atá ag cuid de na coláistí i mbliana de bharr nach bhféadfaí cúrsaí samhraidh dul ar aghaidh don dara bliain as a chéile. Tá go leor oibre déanta ag feidhmeanna Roinne le roinnt blianta anuas, i gcomhar leis na coláistí, ar mhaithe le scéim chuí a fhorbairt chun earnáil na gcoláistí samhraidh a chosaint. Táimid ag iarraidh an próiseas seo a chríochnú anois agus beidh an t-eolas ag teacht amach ina dhiaidh sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05