Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Is blianta as an ngnáth atá ann ach bhí CONCOS agus Gael Linn os comhair an chomhchoiste agus bhí eolas eile curtha isteach. Tháinig 22 moladh as an méid a bhí le rá acu. Ina measc sin, bhí gá cúnamh a thabhairt dóibh toisc go raibh roinnt acu i mbaol dúnadh toisc nach raibh aon ioncam ceart acu le dhá bhliain anuas. Ba mhór an trua é sin. Tá a lán eile gur féidir linn a dhéanamh. Ba chóir go mbeimis ag ardú na ndeontas atá ar fáil i bhfad oiread níos mó ná mar atá. Caithfimid aitheantas a thabhairt don obair atá déanta acu agus seasamh isteach agus cuidiú, má tá cuidiú de dhíth. Sin a dúirt CONCOS leis an gcoiste nuair a bhí sé os ár gcomhair níos luaithe i mbliana. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire Stáit éisteacht leis an méid atá sa tuairisc sin agus leis an méid a bhí le rá agus an méid atá á rá ag CONCOS agus go mbeidh toradh maith an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh an buiséad ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05