Cúrsaí Gaeilge Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá próiseas agus struchtúr ann idir an Roinn agus CONCOS chun an fhadhb seo a chríochnú, agus beidh réiteach ann idir gach páirtí. Mar a thuigfeadh an Teachta, tá an cheist níos casta i mbliana do na coláistí de bharr ioncam a bheith ag cuid de na coláistí ó fhoinsí eile nach raibh ar fáil anuraidh. Mar chuid den taighde a tugadh faoi le tamall anuas, chuir an Roinn ceistneoir faoin ábhar chuig gach coláiste atá bainteach leis an gcóras. Tá an obair thaighde agus anailíse beagnach críochnaithe, agus tá súil agam an tríú beart a fhógairt go foirmiúil gan rómhoill eile ar mhaithe le leas foriomlán an chórais agus cheantair na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05