Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Maith dom é má tá mé soiniciúil maidir leis an bhfreagra go bhfuil go leor déanta agus go leor le déanamh fós. Cathain a bheidh an obair seo críochnaithe? Cén dáta atá i gceist? Tá sé sin tuillte agam mar Theachta Dála. I bhfianaise thábhacht na gcoláistí samhraidh don cheantar uilig agus don Ghaeilge agus an ghéarchéim atá ann ó thaobh na Gaeilge de, tá gá le dáta ann. B’fhéidir go bhfuil sé casta; níl a fhios agam cén fáth go bhfuil sé. D’éirigh leis an Roinn pacáiste a chur ar fáil an bhliain seo caite. Táimid sa dara bliain agus bheinn den tuairim go mbeadh sé níos éasca mar go bhfuil taithí ag an Roinn anois agus go bhfuil sé aitheanta go bhfuil na coláistí samhraidh thar a bheith tábhachtach. Ag an bpointe seo, an féidir leis an Aire Stáit a rá liom cén dáta a bhfuil súil aige go mbeidh an obair críochnaithe agus pacáiste cabhrach ar fáil? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05