Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tuigim go bhfuil dúshlán ann agus is í sin an fáth go bhfuilimid i measc an phróisis seo. Mar a dúirt mé cheana, tá an próiseas beagnach críochnaithe agus is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag faire amach ar na bealaí a bhféadfaí cabhrú leis an earnáil mar atá déanta ag an Roinn ó bunaíodh córas na gcoláistí Gaeilge. Tá súil agam go ndéanfar é chomh luath agus is féidir. Bíonn an Roinn agus CONCOS i dteagmháil an t-am ar fad chun an obair seo a chríochnú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05