Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Maíodh san abairt deireanach ansin "go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais". Fáiltím roimhe sin. Cén uair a bheas an t-athbhreithniú sin críochnaithe? Bhain mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus bhain sí go sonrach leis an dteagmháil a bhí ag an Aire Stáit leis. An bhfuil an t-údarás sásta, nó níos tábhachtaí fós, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil an córas monatóireachta cuí don fheidhm? Mar is eol don Aire Stáit, tá trionóid de fhreagrachtaí ag Údarás na Gaeltachta. Is iad sin fostaíocht, an pobal agus an teanga. Tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall déanta aige, ach go háirithe i bhfianaise na ciorruithe leis na blianta fada ach tá mé ag díriú isteach ar an teanga mar tá sí tábhachtach agus tá sí mar chuid lárnach den trionóid atá aige. Tá athbhreithniú i gceist; cén fath agus cén uair a bheidh sé críochnaithe? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05