Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2021-10-05 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Beidh mé i dteagmháil leis an Teachta maidir leis an dáta a bheidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe. Mar is eol don Teachta, tá sé mar chuspóir ag Údarás na Gaeltachta pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Déanann an t-údarás an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí pobal, cultúrtha agus teangabhunaithe. Tá an cheist seo maidir le húsáid na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí ardaithe cúpla uair le bliain anuas agus tá sé curtha in iúl ag an údarás go mbíonn teagmháil rialta ag roinnt oifigigh teanga leis na cliantchomhlachtaí agus leis na feidhmeannaigh fiontraíochta a bhíonn ag plé leo agus go n-éiríonn go maith leo dul i bhfeidhm orthu ó thaobh na Gaeilge de. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-05