Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Is é an rud atá i gceist agam anseo ná go mbeidh sprioc ama i gceist, is é sin spriocdháta, an 31 Nollaig 2025. Ba mhaith liom an deis a thapú chun a rá go bhfuil gá le spriocdháta. Ghlac an tAire Stáit le cuid den chomhairle uainn go bhfuil gá le spriocdháta, agus ar a laghad tá iarracht déanta aige ach, tríd is tríd, tá easpa spriocdháta i gceist agus easpa dáiríreachta ó thaobh an Bhille seo a chur i gcrích. Bím sa Chathaoir anseo agus cuirim brú ar na Teachtaí cloí leis na rialacha. Táimid ag tosú le leasú Uimh. 2. Tá leasú Uimh. 1 rialaithe as ord. Cuireann an leasú sin an rud i gcomhthéacs mar má tá leasú Uimh. 1 as ord, níl le déanamh agam ansin ach comhthéacs a chur ar an mBille seo arís, an fáth go bhfuil gá leis an mBille agus an rud atá á iarraidh ag an mBille seo a chur ina cheart mar tá an leasú sin as ord. Ní cothaíonn sé sin muinín ionam go bhfuil an tAire Stáit i ndáiríre in ainneoin go bhfuil cuid de na moltaí glactha aige. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na pointí sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06