Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Luaigh mé roinnt de seo ar Chéim an Choiste. Fiú roimhe sin, ardaíodh an cheist seo leis an Aire Stáit ó dhreamanna eile chomh maith. Roimh 2008, bhí céim nó méid áirithe Gaeilge ag 100% de na habhcóidí agus na dlíodóirí anseo; ní raibh sé go huile is go hiomlán cruinn ach bhí Gaeilge acu. Anois, níl ach 2% de na habhcóidí atá cáilithe in ann a n-obair a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sé sin tubaisteach. Tá leasú Uimh. 51 ar cheann de na forálacha trína bhfuilimid ag déanamh cinnte de go mbeidh 20% de na habhcóidí a bheidh á gcáiliú roimh 2030 inniúil sa Ghaeilge. Is é sin an príomhrud atá ag rith trí chuid mhór den stádas seo. Táimid ag iarraidh dul ar ais ar an mbealach ina raibh sé. Tá seans ann, creid é nó ná creid, go mbeidh breitheamh ar an gCúirt Uachtarach nach mbeadh Gaeilge aige nó aici agus is í an chúirt a dhéanann an cinneadh maidir leis an mBunreacht. Tá sé sin an-dainséireach toisc gurb é an Bunreacht bundoiciméad an Stáit agus is é an seasamh atá ann ná go mbuann an Bunreacht as Gaeilge ar an leagan Béarla – it trumps the other one. Mura bhfuil tuiscint ag an mbreitheamh, tá sé i bhfad níos deacra tuiscint a fháil ar cad a bhí nó a bheidh i gceist nuair atá sé ina bhreitheamh nó sí ina breitheamh agus ag déileáil leis. Tá dainséar ansin. Ní smál é nó níl mé ag caitheamh anuas ar aon bhreitheamh atá ann faoi láthair. Sin mar atá. Caithfimid an fhadhb a aithint agus déileáil léi. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06