Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Tá brón orm ach ní aontaím leis an Aire Stáit ar na leasuithe seo agus tá cúpla fáth leis sin. Ar an gcéad dul síos, tá a fhios againn nach bhfuil an méid atá ag tarlú faoi láthair ag obair. Níl a fhios agam a bhfaca an tAire Stáit an tvuít inniu a chuir fear éigin ar Twitter. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh a chuid seirbhísí a dhéanamh trí Ghaeilge le An Post. Ba é an fhreagra a fuair sé ar ais i mBéarla ná, “We have a Irish web chat person but he is on his lunch.” Léiríonn sé sin an fhadhb atá againn i láthair na huaire. Níl an méid atá ag tarlú faoi láthair ag obair; tá a fhios againn é sin. Nílim ag rá go bhfuil an tAire Stáit ag rá seo faoi chuótaí do mhná, ach is é sin an dearcadh céanna atá ann nuair nach bhfuil an córas ag obair. Deirtear linn go minic, nuair a bhíonn muid ag caint faoi chuótaí do mhná toisc nach raibh go leor mná i bpost éigin, go stopfaidh sé sin daoine le scileanna eile. Muna bhfuil sé ann, caithfear athrú a dhéanamh air. Caithfimid rud éigin a dhéanamh mar níl sé ag obair. Feictear é sin ón tvuít inniu le An Post agus ó dhaoine a bhíonn ag iarraidh a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge leis an Stát agus níl an tseirbhís ann. Níl an córas ag obair. Is leasú simplí é seo a n-oibreodh. Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit á thacú? I ndáiríre, ní thuigim é sin. Impím air a intinn a athrú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06