Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Ba mhaith liom, go tapa, cúpla focal a rá faoi na leasuithe seo. Tá an-bhéim sa Bhille ar iallach a chur ar chomhlachtaí pobail freastal ar phobal na Gaolainne trí Ghaolainn. Gan dabht, tá dualgais reachtaíochta ann ar aon nós ach in ainneoin sin bíonn comhlachtaí ag iarraidh éalú as freastal ar phobal na Gaolainne. Díríonn leasú Uimh. 4 ar an gceist sin. Tá sé ag iarraidh ceann de na bearnaí sin a dhúnadh lena chinntiú go mbeidh na foirmeacha leictreonacha ar fáil trí Ghaolainn. Mar sin, is leasú dearfach é. Bhí plé maith againn ar Chéim an Choiste roinnt míonna ó shin. Ina measc, bhí plé maith againn faoi ainm an duine agus an tslí nár chóir brú a chur ar dhaoine teideal a ghlacadh. Tuigim go bhfuil sé bainteach leis an mbeart leasuithe seo agus go mbeidh leasú eile ag teacht ar an ábhar sin ar ball. Tá sé tábhachtach go mbeadh an rogha sin ag daoine. Is leasú dearfach é leasú Uimh 4 chun a chinntiú go ndúnfar an bhearna sin agus go mbeidh rogha ag muintir na Gaolainne a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh na foirmeacha dátheangach mar chuirfeadh sé os comhair gach éinne é – lucht Béarla agus Gaolainn – go bhfuil an Ghaolainn ann freisin. Léireodh sé seo go bhfuil an Ghaolainn sofheicthe i measc an phobail agus dhéanfadh sé cúrsaí Gaolinne a normalú. Is rud dearfach é agus chinnteodh sé go mbeadh na foirmeacha ar líne ar fáil a thabharfadh gach rogha do dhaoine amach anseo. Dá bhrí sin, molaim an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06