Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Meabhraím don Teachta Ó Snodaigh go bhfuil an tAcht agus an Bille seo dírithe ar sheirbhísí don phobal. Tá na foirmeacha atá i gceist dírithe ar an bpobal dá réir. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí Ó Muimhneacháin agus Ó Cathasaigh freisin. Déanfaimid athbhreithniú ar na treoirlínte nuair a théimid tríothu. Gabhaim buíochas leis an Teachta as an bpointe seo a léiriú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06