Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 10: I leathanach 9, idir línte 4 agus 5, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht 3. Leasaítear alt 4(1) den Phríomh-Acht trí “, le toiliú an Aire Airgeadais” a scriosadh.”. Is leasú simplí é seo. Rinneamar an cheist seo a phlé ar Chéim an Choiste agus ní raibh freagra sásúil ann. Níor chóir go mbeadh dualgas sa bhreis ann toil an Aire Airgeadais a fháil anuas ar thoil an Rialtais, mar atá sonraithe san Acht cheana. Tá praiseach déanta thar na blianta, mar is eol dúinn ar fad, ag Airí Airgeadais maidir le maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ní féidir muinín a bheith againn iontu rialacha a cheadú. Tuigim gur toil an Rialtais atá i gceist ach ní sin atá scríofa; toil an Aire Airgeadais atá luaite. Toil an Rialtais a luaitear nuair a dhéantar tagairt don collective seachas an tAire Airgeadais féin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06