Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 10. Tá cuid den fhoráil seo fíorthábhachtach de bharr go bhfuil sé mar chuid den chóras srianta agus ceartúchán agus deimhníonn sé go bhfuil próiseas faireacháin ann ó thaobh na Státchiste de. Is rud caighdeánach é seo agus tá sé sna céadta Achta, mar shampla an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002 agus an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001. Tá an Rialtas tiomanta chun an mBille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud atá á dhéanamh againn agus táimid ag cur spriocdhátaí isteach, mar is eol don Teach, sa Bhille ag déanamh cinnte de go mbeidh dul chun cinn leanúnach á dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06