Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Cuirim fáilte roimh an leasú seo toisc an éisteacht a thug an tAire Stáit don mhéid a bhí le rá agam féin agus daoine eile ar Chéim an Choiste faoi dhuine sinsearach a roghnú chun formhaoirsiú agus tuarascáil a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáid an chomhlachta faoin Acht seo. Tá soiléiriú de dhíth orm. Ar an gcéad dul síos, an féidir leis an Aire Stáit míniú a thabhairt ar an idirdhealú idir phríomhoifigeach agus ceann comhlachta phoiblí? Tá an fhoclaíocht sin sa reachtaíocht maidir le ceann comhlachta phoiblí a cheapadh ach i bpáirt 4A den leasú luaitear príomhoifigeach. Glacaim leis gur an duine ceannann céanna atá ann ach uaireanta má tá dabht ann bíonn sé deacair. An léamh ar an leasú seo atá agamsa ná nach gceapfar ceann comhlachta phoiblí ach nuair nach bhfuil príomhoifigeach ann. Níl a fhios agam cén sórt ról sealadach atá ann le linn an fholúntais sin. Más fíor é sin, is ait go bhfuil an dualgas sa leasú seo chun formhaoirseoir teanga a roghnú ag baint leis an gceann comhlachta sealadach sin amháin agus gan dualgas ar bith a bheith ar an ngnáth-príomhoifigeach. Táimid ag tabhairt dualgas don duine sealadach nach bhfuil de ghnáth ar an bpríomhoifigeach atá buan. An gciallaíonn sé sin nach mbeidh duine roghnaithe de ghnáth chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ndualgas teanga seachas an tréimhse sin le linn folúntais in oifig an phríomhoifigigh? Má líontar ról an phríomhoifigigh, an nglacann an duine sin cúraim an chinn comhlachta phoiblí nó an leanann an dá oifigeach lena róil éagsúla? Níl sé chomh soiléir sin. B’fhéidir go bhfuil mearbhall orm anseo ach tá sórt dabht ann. An dara rud ná go bhfuil sé suas don cheann comhlachta phoiblí nuair atá gá cinneadh a dhéanamh faoi thuarascáil a lorg ón duine atá roghnaithe acu mar fhormhaoirseoir teanga. Bhí muid ag lorg go mbeadh tuarascáil rialta seolta gach sé mhí, de réir mar atá molta againn i leasú Uimh. 20, ach beidh sé foilsithe don phobal ionas gur féidir leo dul chun cinn a fheiceáil nó fadhbanna a aithint go luath. An tríú rud maidir leis na leasuithe seo ná go bhfuil “go bhféadfaidh” fós scríofa sa Bhille. Tá na focail sin ann arís, in ainneoin na hargóinte a bhí againn ar Chéim an Choiste. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú molta agamsa agus ag an Teachta Ní Chonghaile chun an fhéidearthacht sin a athrú ina dualgas agus "ní mór", inár leasú Uimh. 16, nó "déanfaidh", i gcás leasú Uimh. 15 in ainm an Teachta Ní Chonghaile, a chur isteach in áit "féadfaidh". Tá spriocdháta luaite againn i leasú Uimh. 17 le cinntiú nach mairfidh aon fholúntas níos faide ná trí mhí agus go dtiocfaidh an fhoráil seo i ngníomh ar an bpointe, is é sin i leasú Uimh. 18, toisc nach bhfuil ach spriocdháta tugtha ag an Aire le haghaidh ceapacháin a neamhniú má dhéantar iad. Más folúntas sealadach é, cén fáth go bhfuil an duine atá ag glacadh an ceann comhlachta phoiblí ag déanamh an dualgas seo a chur ar aon duine? Tá sé ag caint faoi dhualgas a chur ar chomhalta foirne eile chun bheith ceaptha. Cén fáth nach féidir leis an gceann comhlachta phoiblí an dualgas seo a bheith air nó uirthi don tréimhse a bhfuil an folúntas ann nó i gcoitinne seachas a bheith á thabhairt do dhuine éigin eile? Níl an grád nó leibhéal ar a mbeidh an duine sin leagtha síos. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06