Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 20: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: "(3) (a) Déanfaidh gach ceann comhlachta phoiblí duine a cheapadh agus a shainainmniú óna fhoireann nó óna foireann shinsearach bainistíochta, is duine a bhfuil ról aige nó aici i bhfeidhmeannacht nó i mbainistíocht an chomhlachta, chun bheith freagrach as forálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chur i ngníomh sa chomhlacht sin, a mhéid a bhaineann siad leis an gcomhlacht sin, agus aon dualgais reachtúla eile i leith teanga oifigiúil a chomhlíonadh. (b) Déanfaidh an duine sin tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don cheann, gach sé mhí ar a laghad, ina dtabharfar tuairisc ar an dul chun cinn a bheidh déanta agus á dhéanamh faoin am a scríobhadh an tuarascáil sin. Foilseoidh ceann an chomhlachta phoiblí gach tuarascáil ar shuíomh idirlín an chomhlachta phoiblí a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a gheobhaidh sé nó sí í. (c) Déanfaidh an comhalta foirne a bheidh sainainmnithe faoi mhír (a) den fho-alt seo, tar éis comhairle a dhéanamh leis an gCoiste Comhairleach, poist a shainainmniú sa chomhlacht lena mbaineann coinníollacha inniúlachta teanga, go háirithe chun dualgais reachtúla de chuid an chomhlachta maidir le caighdeáin a chomhlíonadh.". Tarraingeoidh mé siar leasú Uimh. 20 toisc go bhfuil leasú Uimh. 14 rite ag an stad seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06