Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tairgim leasú Uimh. 21: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: " Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht— (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): "(2) I gcás go ndéanfaidh duine cumarsáid i scríbhinn, leis an bpost leictreonach nó ar na meáin shóisialta, i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.", agus (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): "(3) I gcás go ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme nó chun margaíocht a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí nó ar a chuid seirbhísí leis an bpobal nó leis an aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.".". Is leasú é seo de chuid an Rialtais atá á mholadh agam. Faoi láthair, foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid leis i scríbhinn nó le ríomhphost i dteanga oifigiúil, freagra a thabhairt sa teanga chéanna. Leis an leasú, leanfar an oibleagáid sin chuig cásanna ina ndéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí trí mheáin shóisialta. Faoi láthair, foráiltear le halt 9(3) den Acht go gcinnteoidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn nó le ríomhphost leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, go bhfuil an chumarsáid sin i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Leathnóidh an leasú seo an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal chun comhlacht poiblí nó a chuid seirbhísí a chur chun cinn. Tá mé buíoch do na Teachtaí Smith, Connolly, Calleary, Ó Cuív, Ó Muimheacháin, McHugh, O'Dowd agus Ó Cathasaigh as ucht an leasú seo a mholadh. Molaim an leasú seo don Teach. Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 58 go 61, go huile, le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as ucht na leasuithe seo, ach toisc go bhfuil mo leasú féin agam lena gclúdaítear an t-ábhar úd, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo. Maidir le leasú Uimh. 65, gabhaim buíochas leis na Teachtaí as ucht an leasaithe seo ach toisc go bhfuil mo leasú féin á mholadh agam ar an ábhar úd, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Leis an leasú atá á mholadh agam, déantar socrú maidir le foráil a dhéanamh lena cinntiú go ndéanann comhlacht poiblí 20% dá fhógraíocht in aon bhliain ar leith i nGaeilge. Déanfaidh gach comhlacht poiblí 5% dá fhógraíocht in aon bhliain ar leith sa mheán Gaeilge. Tá mé buíoch do na Teachtaí Ó Snodaigh, Ní Chonghaile, Ó Cathasaigh, Ó Cuív, McHugh, Daly agus Ó Muimhneacháin as an ionchur. Maidir le leasú Uimh. 68, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo toisc go bhfuil mé ag moladh leasú a chlúdaíonn an t-ábhar. Is leasú riaracháin a bheidh i gceist atá bainteach le leasú lena gciallófar go mbeidh ar an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint laistigh de trí mhí ó achtú an t-alt seo chun cabhrú le comhlachtaí poiblí ina n-oibleagáidí i ndáil le húsáid ainmneacha, seoltaí agus teidil daoine i nGaeilge a chomhlíonadh. Agus na treoirlínte sin á n-ullmhú ag an Aire, d'fhéadfadh sé nó sí dul i gcomhairle le haon Aire eile. Maidir le leasú Uimh. 69, gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht an leasaithe, ach toisc go bhfuil mo leasú féin á mholadh agam ar an ábhar úd, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 85, 114, 119 agus 120 le chéile. Is leasuithe iad seo de chuid an Rialtais atá á mholadh agam. Is leasuithe riaracháin atá i gceist sa chás seo, seachas leasú Uimh. 85, lena leagtar script nua síos sa Bhille ar iarratas ón bhFreasúra. Faoi láthair, foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás go ndéanfaidh daoine cumarsáid leis i scríbhinn nó i ríomhphost sa teanga oifigiúil, freagra a thabhairt sa teanga chéanna. Faoi Alt 4 den Bhille, leanfar an oibleagáid sin chuig cásanna ina ndéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí trí mheán sóisialta. Faoi láthair, foráiltear le halt 9(3) den Acht go gcinnteoidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn nó ríomhphoist leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme den phobal, go bhfuil an chumarsáid sin i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge. Leanfaidh alt 4 den Bhille an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal chun an comhlacht poiblí nó a chuid seirbhísí a chur chun cinn. Molaim na leasuithe sin don Teach. Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 129 agus 132 le chéile. Is é mo thuairim ná go mbeidh an tAire in ann rialacháin a fhorordú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann le doiciméid a fhoilsítear agus faisnéis a chuirfear ar fáil ar shuíomh Idirlín clúdaithe sa chaighdeán a bheidh á fhoilsiú go gairid. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Mar a luaigh mé ar Chéim an Choiste, is gné shuntasach den Bhille iad na caighdeáin teanga a thabharfar isteach do chomhlachtaí poiblí agus iad a chur in ionad chóras láithreach na scéimeanna teanga a fhágfaidh go mbaineann na comhlachtaí poiblí sin ar mó an t-idirghníomhú a bhíonn acu leis an bpobal caighdeán níos airde amach. I dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2015, luaigh an coimisinéir nach bhfuil scéimeanna teanga éifeachtach agus go ndéanfar cothromaíocht teanga idir na teangacha oifigiúla sa Bhreatain Bheag a chinntiú, ar bhonn níos cruinne, a bhuí leis na caighdeáin theanga a tugadh isteach sa dlínse sin. Bíonn scéimeanna teanga gan athrú agus ní dhéantar iad a uasdátú ach gach trí bliana. Ina theannta sin, is beag úinéireacht a ghlactar ar dhul chun cinn agus fhorbairt do na seirbhísí Gaeilge. I gcodarsnacht leis sin, is íosleibhéal ceadaithe feidhmíochta áirithe a bheidh i gcaighdeáin a chinneann an tAire i dtaca le seirbhís phoiblí a sheachadadh. Déanfar gach comhlacht poiblí a chur de réir earnálacha éagsúla a bheidh bunaithe go príomha ar leibhéal na hidirghníomhaíochta leis an bpobal, go háirithe le pobal Gaeltachta. Beidh feidhm ag caighdeáin teanga éagsúla ansin maidir leis na hearnálacha éagsúla chomhlachtaí poiblí. Beimid in ann caighdeán a chur i bhfeidhm ar bhonn céimeanna, agus is modh pragmatach sodhéanta é chun soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú sa mheántéarma agus san fhadtéarma araon. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06