Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Pa Daly (SF), Kerry Aontaím leis Leas-Cheann Comhairle. Tá géarchéim ann agus easpa ómóis ann don teanga. Chuala mé faoin tvuít a raibh an Teachta Ní Fhearghail ag caint mar gheall air. Chuir sé i gcuimhne dom nuair a bhí an teastas vacsaíne á fháil ag mo bheirt mhac, bhí seacht mistakes idir an bheirt acu ar an teastas. Baineann leasuithe Uimh. 21 agus 22 le cearta a thabhairt isteach lena n-áirítear cearta teanga an duine agus bundhualgas teanga an Stáit. Níor ceadaíodh plé ar chearta teanga ar Chéim an Choiste toisc go raibh costas ar an státchiste. Fiú na cearta atá sonraithe sa dlí cheana féin, go minic ní chuirtear i bhfeidhm iad ar chúis eacnamaíochta nó de bharr tosaíochtaí eile, rud a dhéanann praiseach do chearta teanga an duine in Éirinn. Bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, os comhair an choiste an tseachtain seo caite. Dúirt sé gur míthuiscint a bhí ann go mbraitheann an Stát go mbíonn bunchearta teanga ag brath ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar thosaíochtaí eile agus nár chóir go mbeadh aon choimhlint idir soláthar seirbhísí éigeandála agus soláthar cearta reachtúla teanga mar a rinne comhlachtaí Stáit go rialta le linn na paindéime. I gcás chearta an duine, ní hé go mbronnann stát cearta ar dhaoine ach go bhfuil cearta ag daoine mar bhunús. Go háirithe leis an teanga náisiúnta agus ról an Stáit----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06