Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá brón orm as cur isteach ar an Teachta. Níl an pointe sin sroichte againn go fóill. Maidir le cearta an duine a raibh an Teachta ag caint faoi, tharla meascadh mar gheall ar an tslí a fuaireamar na groupings chomh déanach agus gach rud eile. Is é sin mar a bhíonn agus muid ag plé reachtaíochta. Nílim ag cur an locht ar aon duine. Tarlaíonn sé seo go minic nuair a bhíonn an oiread sin leasuithe le plé agus bíonn sé deacair déileáil leo. Baineann na leasuithe seo leis na meáin shóisialta agus ábhar margaíochta. Tá fáilte roimh roinnt de na leasuithe seo arís. Tá ceann áirithe ón Aire Stáit de thairbhe an méid a bhí le rá acu siúd a ghlac páirt ar Chéim an Choiste. Molaim na comhaltaí a ghlac páirt sa choiste sin, ní hamháin na daoine i mo pháirtí féin, ach na daoine eile. Is léir go raibh plé maith againn mar go bhfuil na leasuithe, cosúil le leasú Uimh. 21, ann agus is maith an rud é sin. Glacaim leis go bhfuil fadhbanna ann agus b’fhéidir go mbeidh soiléiriú fós á lorg againn ar an bhfoclaíocht seo toisc go bhfaca muid na leasuithe chomh déanach sin. Mar shampla i roinnt de na leasuithe atá á bplé anois, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go mbeidh athruithe déanta ionas go mbeidh "an téacs i nGaeilge ann ar dtús", go mbeidh "an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite [céanna] leis an téacs i mBéarla" agus go mbeidh an "chlófhoireann chéanna, sa chló céanna agus sa stíl chéanna" ann. Chomh maith leis sin, táthar ag lorg nach mbeidh “na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla”. Táthar ag súil go gcuirfidh an téacs i nGaeilge "in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl, agus ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla ... giorraithe". Is iad siúd na fadhbanna a aithníonn muid nuair a dhéanann comhlachtaí iarracht an leagan Gaeilge a chur ar fáil. Uaireanta is cosúil go mbíonn siad ag iarraidh an leagan Gaeilge a bhrú isteach sa spás céanna nó a chur i bhfolach nó i spás ar leith atá acu. Ní mór dúinn a chinntiú, nuair atá margaíocht i gceist, go dtuigeann na comhlachtaí go díreach na srianta atá orthu. Ní féidir an leagan Gaeilge a bheith acu i dtéacs níos lú ná an Béarla. Mar a tharlaíonn i gcásanna áirithe, ní féidir achoimre a thabhairt seachas an téacs iomlán, ach amháin i gcásanna inar cheart achoimre a úsáid más rud é go mbíonn an achoimre i mBéarla freisin. Sa chás seo táimid ag tagairt do chúrsaí margaíochta. Bhí an mhargaíocht le linn na paindéime feicthe ag cách. Bhí roinnt againn sásta glacadh ar shlí gur fhoilsíodh an leagan Gaeilge cúpla lá nó cúpla seachtain - a tharla go minic i gcásanna áirithe – i ndiaidh an Bhéarla. Níor tháinig siad go comhuaineach. Táimid ag rá, ó thaobh fógraíochta de agus ábhar margaíochta an Stáit de, gur chóir go dtarlóidh sé go comhuaineach. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú á mholadh againn. Déileálfaidh sé leis an gceist seo. Ba mhian le roinnt de na leasuithe atá againne dualgas breise a chur ar an Aire Stáit. B’fhéidir gur chóir féachaint ar leasú Uimh. 129 arís, mar shampla, leasú atá á bplé againn anois. Is leasú é seo a leagann amach go díreach an tslí ina mbeidh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla. B’fhéidir go bhfuil an tAire Stáit ag rá go mbeidh sé sin sna rialacháin, ach b’fhearr linn go mbeadh sé sa reachtaíocht. Ar a laghad sin ní bheadh dabht ar bith ann faoi. Má dhéanann comhlacht neamhaird air, beidh a fhios ag gach duine go díreach cad atá i gceist. Leagann leasú Uimh. 129 síos go díreach gur gá caitheamh leis an nGaeilge agus go mbeadh tús áite ag an nGaeilge, mar atá sa Bhunreacht, agus gurb é an Béarla a dtiocfadh ina diaidh. Ligfeadh sé seo dóibh a bheith taobh le taobh ar leathanach. Tá a fhios ag daoine a leagann amach leathanaigh i ndoiciméid nach gcuireann siad téacsanna Gaeilge ar an leathanach ar thaobh na láimhe clé toisc go dtarraingítear súil duine chuig an leathanach ar thaobh na láimhe deise nuair a osclaítear doiciméad ar dtús. Tarlaíonn sé sin i ngach uile cás. Fiú sa reachtaíocht mar atá sé foilsithe, is ar an leathanach ar thaobh na láimhe clé a bhíonn an Ghaeilge agus is botún é. Ceapann daoine go bhfuilim ag piocadh orthu ach tá stádas agus áit ann le leagan amach. Tá a fhios ag aon duine a rinne staidéar ar an ábhar seo go dtéann an súil i mbealach áirithe. Creid nó ná creid, tá eolaíocht i gceist leis seo. Nuair a bhíonn sliotáin fógraí nuachtáin á ndíol ag daoine, díolann siad é ag súil leis an áit a dtarraingeofar súile daoine idir an dá leathanach. Tá an leathanach ar dheis níos tábhachtaí ó thaobh chur chun cinn teachtaireachta de ná an leathanach ar chlé. B’fhéidir gur chóir go mbeadh dhá cholún ar an leathanach ar dheis nó bealach éigin lena chinntiú nach mbeidh an Ghaeilge i bhfolach nó suite thíos leis an mBéarla. Sin é an smaoineamh taobh thiar de leasú Uimh. 129. Leagann sé amach go sonrach díreach cad ba chóir a bheith i gceist toisc an neamhaird agus an bealach a gcaitear leis an nGaeilge thar na blianta. Molaim an tAire Stáit as an leasú seo. Ba mhaith liom míniú níos fearr a fháil maidir leis an tslí atá sé ag caitheamh leis na leasuithe eile; ní aontaím go hiomlán leis. Maidir leis an soiléiriú atá á lorg ag Conradh an Ghaeilge, iarraim ar an Aire Stáit féachaint ar an méid atá ráite acu faoi na forálacha ag staid éigin sa Seanad. Bheadh muidne sásta glacadh le sin nuair a thagann sé ar ais ón Seanad. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06