Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Bhí plé bríomhar againn ar Chéim an Choiste ar an ábhar seo. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as é sin a thógáil san áireamh agus as a thacaíocht do na leasuithe éagsúla atá againn sa ghrúpa seo. Baineann siad le teagmháil nuair atá duine ag scríobh chuig comhlacht poiblí, idir ríomhphost nó na meáin shóisialta nó pé slí, lena chinntiú go bhfaighidh siad freagra sa teanga chéanna a seoladh é. Tá sé tábhachtach nach mbeadh iallach á chur ar dhaoine aistriú a dhéanamh nuair a bhíonn siad ag scríobh chuig comhlachtaí poiblí. Anuas ar sin, baineann sé le teagmháil fógraíochta agus margaíochta lena chinntiú go mbeidh na comhlachtaí poiblí éagsúla ag cur amach an Ghaolainn os comhair daoine. Bhí sampla maith de le feiceáil le déanaí nuair a sheol An Post teachtaireacht amach mar gheall ar rudaí a cheannach ar an Idirlíon agus go mbíonn deacrachtaí agus moill ann le rudaí a thabhairt isteach ón Aontas Eorpach. Bhí nuachtlitir an-mhaith ann, má léadh as Béarla é, a bhí cabhrach agus seoladh amach le déanaí é. Is amhlaidh gur sádh isteach token beag as Gaolainn. Caithfí a chinntiú go mbeidh a leithéid ceartaithe agus san áireamh leis na leasuithe seo. Ba mhaith liom soiléiriú ar sin ón Aire Stáit. Níor cheart go dtarlódh a leithéid leis an alt nua seo. Baineann leasú Uimh. 14 leis na lógónna agus déanann sé iarracht a chinntiú go mbeadh na lógónna dhátheangach nó as Gaolainn. Bhí plé againn chomh maith ar thréimhse ama éigin mar gheall air sin. N'fheadar an bhféadfaí a leithéid a chinntiú. Nuair a tháinig an reachtaíocht isteach, leagadh síos go dtarlódh sin go luath ina dhiaidh ach an gá tréimhse ama a leagan síos ansin? Is leasuithe an-chabhrach agus an-dearfach iad sin. Molaim an tAire Stáit as iad a thabhairt chun cinn agus cuidím leis. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06