Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Joe McHugh (FG), Donegal Táimid ag labhairt faoi leasuithe Uimh. 21 agus 114 agus faoin chothromaíocht atá i gceist don Ghaeilge in aon bhileog ar nós ábhair mhargaíochta mar shampla. Táim ag smaoineamh faoi bhileog a d'eisigh An Post agus bhí trí leathanaigh as Béarla ann agus leathanach amháin as Gaeilge agus bhí an leathanach as Gaeilge ar chúl na bileoige. Níl sin ceart agus sin an bealach a bhfuil muid ann faoi láthair. Chomh maith leis sin, táimid ag amharc ar leasú Uimh. 114 agus an gá le spriocbhliain a chur le lógónna reatha a athrú, mar shampla Transport Infrastructure Ireland. Táim ag iarraidh spriocbhliain a chur isteach ansin agus iarraim ar an Aire Stáit amharc arís ar na leasuithe sin. Tá an dá leasú ag teacht ón Rialtas, mar sin gabhaim buíochas agus aitheantas leis an Aire Stáit as sin. Mar fhocal pearsanta, ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le teaghlach Tom Burke, a fuair bás inniu. Grianghrafadóir ab ea Tom a d'oibrigh taobh amuigh de gheataí Tí Laighin thar na blianta. Tá mé ag smaointiú faoin teaghlach sin. Tá sé ar shlí na fírinne anois agus ar dheis Dé go raibh a anam dílis. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06