Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Marc Ó Cathasaigh (GP), Waterford Tagraím do leasú Uimh. 21. Má dhéantar teagmháil le duine as Gaeilge, ba chóir go bhfaighfí freagra as Gaeilge. Tá súil agam go gcuirfidh an leasú seo críoch leis an nós go n-insítear do dhuine go bhfuil an leaid le Gaeilge ar lón faoi láthair. Ba mhaith liom léim timpeall na háite beagáinín. Táimid ag plé leasú Uimh. 65, mar aon leis an leasú seo agus ba mhaith liom díriú isteach ar alt (d) ó Uimh 65, "Maidir leis an bhfógraíocht a dhéanann comhlacht poiblí ... cinnteofar go ndéanfar 5 faoin gcéad di ar na meáin díobh sin trína ndéantar cumarsáid i nGaeilge leis an bpobal." Tá an fhoclaíocht ansin an-chosúil leis an bhfoclaíocht i leasú Uimh. 128. Ar amhras nach shroichfimid Uimh. 128, maítear in alt (b) "gur i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge a bheidh 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain". Níl sé sin iomlán soiléir go bhfuil muid ag caint faoin mbuiséad agus faoin méid caiteachais. Má tá an Seanad ag teacht ar ais ar an mBille seo, b'fhéidir go mbeimid in ann a chinntiú go bhfuilimid ag caint faoin mbuiséad agus go mbeidh 5% den chaiteachas ón mbuiséad iomlán ag dul ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge, ní go bhfuilimid ag caint ar líon na bhfógraíochta amháin. B'fhéidir go mbeimid in ann teacht ar ais ag an gceist sin nó b'fhéidir go ndéanfaidh na Seanadóirí déileáil leis nuair atá an Bille seo á phlé acu má tá an tAire Stáit oscailte chuige sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06