Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Maidir leis an méid a dúirt an Teachta McHugh, bhí brón orm an nuacht sin a chloisteáil. Ar dheis Dé go raibh a anam. Duine an-deas ab ea Tom Burke. Is leasú de chuid an Rialtais é seo. Mar a dúirt mé, faoi láthair foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás ina dhéantar cumarsáid leis i scríbhinn nó le post leictreonach i dteanga oifigiúil, an freagra a thabhairt sa teanga céanna. Leis an leasú seo, leanfar an oibleagáid sin chuig cásanna ina dhéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí trí na meáin shóisialta. Faoi láthair freisin, foráiltear le halt 3 den Acht go gcinnteoidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn nó le ríomhphost leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, go bhfuil an cumarsáid sin i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge. Déanfaidh an leasú seo cinnte de go leanfaidh an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal. Tagraím do na ceisteanna ó na Teachtaí Ó Cathasaigh agus Aindrias Moynihan. Táim sásta plé a dhéanamh maidir leis na ceisteanna sin agus gabhaim buíochas leo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06