Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Is leasú maith é seo ón Aire Stáit. Tá mise sásta mo leasuithe Uimh. 58 go 61, go huile, a tharraingt siar mar tá siad clúdaithe sa mhéid atá á rá ag an Aire Stáit. Tagraím do leasú Uimh. 65, mar a rinne an Teachta Ó Cathasaigh. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil Uimh. 128 sa ghrúpa seo mar tá na leasuithe beagnach mar an gcéanna agus déanann siad déileáil leis an sórt rud céanna. Tá an ceart ag an Teachta nach bhfuil sé soiléir i mo leasuithe nó i leasú an Aire Stáit an 5% den bhuiséad nó 5% de líon na bhfógraíochta atá i gceist mar ní hionann an dá rud. Is féidir 5% den bhfógraíocht a bheith i gceist agus d'fhéadfadh an caiteachas a bheith srianta ar an méid sin. Tá an rud céanna fíor ó thaobh an 20%. Caithimid a bheith cúramach sa mhéid atá ag an Aire Stáit nó fiú agamsa go bhfuil sé soiléir nach méid na bhfógraí atá i gceist nó nach mbeidh sé caillte. Tá a fhios agam go bhfuil forálacha eile ann go gcaithfear an méid céanna a bheith ann ach ba cheart féachaint ar an 5% sin. Tá leasuithe eile agam nach bhfuil clúdaithe sa mhéid atá á rá ag an Aire Stáit agus tá siad luaite agam cheana. Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil an tAire Stáit ag tarraingt siar uathu. An príomhleasú ná hUimh. 129. Impím ar an Aire Stáit, más féidir in aon chor, féachaint an athuair an bhfuil sé sin clúdaithe ag na forálacha a bheidh aige sna treoirlínte nó a leithéid. Measaim nach mbeidh. Tá a lán tuarascálacha á lorg agam sna leasuithe agus sin an bealach timpeall ar an mbac atá orm ó thaobh leasuithe a chur chun cinn. Sin an fáth go bhfuil sé sin ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06