Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Pa Daly (SF), Kerry Tairgim leasú Uimh. 22: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: "Cairt na Gaeilge 4. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 1 (Réamhráiteach agus Ginearálta): "CUID 1A CAIRT NA GAEILGE Cairt a ullmhú don Ghaeilge 5. (1) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh le pobal labhartha na Gaeilge agus le hOifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla maidir le riachtanais an phobail, agus tráth nach déanaí ná bliain ó Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a achtú, dréacht-Chairt, ar a dtabharfar Cairt na Gaeilge, a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, is cairt a bheidh bunaithe ar mhúnla Chairt na Fraincise, nó an Charte de la langue française sa Fhraincis, in Québec i gCeanada, agus lena ndéanfar bunchearta teanga cainteoirí Gaeilge sa Stát a shoiléiriú agus a threisiú ar bhonn reachtúil, le toil Thithe an Oireachtais. (2) Sonrófar sa dréacht-Chairt a luaitear i bhfo-alt (1): (a) amchlár ina mbeidh spriocdhátaí faoina mbeidh sé beartaithe ag an Rialtas na forálacha éagsúla den Chairt a bheith curtha i bhfeidhm ina n-iomláine; (b) moladh i leith ceart do gach duine go ndéanfadh na comhlachtaí seo a leanas cumarsáid leis nó léi i nGaeilge: (i) comhlachtaí riaracháin shibhialta; (ii) comhlachtaí seirbhísí sláinte agus sóisialta; (iii) cuideachtaí fóntais phoiblí; (iv) cuideachtaí Stáit; (v) eagraíochtaí Státmhaoinithe; (vi) corparáidí gairmiúla; (vii) ceardchumainn; agus (viii) gach cuideachta a dhéanann gnó sa Ghaeltacht; (c) moladh i leith ceart do gach duine Gaeilge a labhairt in aon tionól poiblí; (d) moladh i leith ceart d'oibrithe sa Ghaeltacht a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; (e) moladh i leith ceart do thomhaltóirí earraí agus seirbhísí sa Ghaeltacht go gcuirfí ar an eolas iad i nGaeilge agus go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge; (f) moladh i leith ceart do gach duine atá i dteideal oideachas sa Stát an t-oideachas sin a fháil trí mheán na Gaeilge; (g) moladh i leith dhualgas an Stáit gach a dhéanamh laistigh dá raon gníomhaíochta chun an Ghaeilge, mar phríomhtheanga oifigiúil, a bhunú agus a chaomhnú ina stádas mar an teanga náisiúnta agus í a aithint mar an teanga náisiúnta chun gach críche oifigiúla.".". Tá cearta ag daoine mar bhunús, go háirithe leis an teanga náisiúnta, agus is é ról an Stáit na cearta sin a shonrú agus a chosaint. I gcás na Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge ceaptha a bheith mar phríomhtheanga an phobail, fós ní bhíonn bun-seirbhísí an Stáit ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil bunreachta. Seo masla ar chearta mionlaigh. Bhí mé féin ag déileáil le duine éigin a sheol iarratas pleanála go dtí an chomhairle contae agus bhí an freagra a cuireadh ar ais chucu go léir as Béarla. Tá a lán leasuithe againn faoi sheirbhísí Stáit, ó sheirbhísí sláinte go dtí An Garda Síochána, chun a chinntiú go mbeadh siad ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht faoi spriocdháta ar leith, ach idir an gilitín agus neamhaird an Aire Stáit, nár chuir leasuithe suntasacha faoin nGaeltacht sa Bhille é féin, ní bheidh tagairt do na cearta teanga sin sa Bhille nuair a achtaítear é. I dtíortha eile, bíonn cearta teanga sonraithe go soiléir. Tá an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i bhfeidhm ag an gComhairle Eorpach, rud a thugann meicníocht idirnáisiúnta do Ghaeilgeoirí sna Sé Chontae sásamh a fháil ar a gcearta teanga agus níl feidhm ag an gcairt sa Stát seo. B'fhéidir gur chóir machnamh a dhéanamh ar an gcairt seo a shíneadh. Sa leasú seo, áfach, is múnla Cheanada atá á moladh againn, sé sin cairt na Fraincise i Quebec, nó an charte de la langue française . Tá sé sin beagáinín ceangailte leis na logainmneacha, faoina bhfuil leasuithe againn níos déanaí. Tá orainn ráiteas nó taispeántas a dhéanamh chun an Ghaolainn a bheith sa phobal agus is éagóir é go bhfuil na logainmneacha as Béarla sna bailte agus sna cathracha. Dúirt Dubhghlas de hÍde, "I hope and trust a native Irish Government will be induced to provide for the restoration of our place-names on something like a rational basis." Dúirt Brian Friel chomh maith gur sórt díbirt, nó a sort of eviction, a bhí sna logainmneacha sin. Sin 100 bliain ó shin agus níl an aisling sin ann faoi láthair. Ní rabhamar in ann é seo a phlé ar Chéim an Choiste de réir costas ach níl sé ródhéanach é sin a athrú. Deir Airteagal 8 den Bhunreacht gur an Ghaolainn chéad teanga an Stáit ach tá na comharthaí bóithre agus sráide i gcoinne sprid an Bhunreachta sin. Bhíomar ag caint leis an gCoimisinéir Teanga ón mBreatain Bheag coicís ó shin agus tá na logainmneacha aistrithe aige ansin. Sa Ghaeltacht in Albain, tá an Béarla agus an Gàidhlig sa font céanna agus níl ach an dath athraithe. In Éirinn, áfach, tá na logainmneacha in italics agus sin masla don chultúr agus don teanga. Is meon coilínithe atá ann, a deir gur an Béarla an teanga real agus go bhfuil an Ghaolainn i bhfad níos lú. Bhí mé ag caint le duine a bhí ar ais ón Astráil cúpla bliain ó shin. Bhí sé ag caint faoi Uluru in aghaidh Ayers Rock ach ní deir sé an Baile Beag in aghaidh Ballybeg nó Sceichín an Rince in aghaidh Skeheenarinky. Tá sé sin beagáinín ceangailte leis an ábhar seo. Tá orainn an éagóir a cheartú agus bhí na logainmneacha a bhain leis an timpeallacht agus le daoine a bhí ina gcónaí ann na blianta ó shin aistrithe go seafóideach. Tá súil agam go ndéanfaimid rud mar gheall air sin. Leagtar amach bunchearta teanga sa chairt seo maidir le húsáid na Gaeilge le comhlachtaí poiblí agus cuideachtaí eile, in aon tionól poiblí ó thaobh oibre, i gcás earraí agus seirbhísí agus san oideachas. Seo an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus ba chóir dúinn foghlaim ó sin. Beidh riachtanas ar leith ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus mar sin bheadh fiúntas ag baint le tuarascáil a ullmhú chun moltaí agus spriocanna ama réalaíoch agus pobalbhunaithe a chur chun cinn. Tá sé in am dúinn ár ngealltanas mar Stát don Ghaeltacht agus do Ghaeilgeoirí a chomhlíonadh agus a chur i scríbhinn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06