Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá dhá leasú anseo. Leagann ceann amach go díreach cad a bheadh sa chairt ach tá sé as ord toisc go gcuireann sé dualgais reachtúla agus dá réir, dualgais airgeadais, ar an Stát. An ceann go bhfuilimid ag plé, toisc go bhfuil sé in ord, ná an ceann a chuireann iallach ar an Aire dréacht-chairt a chur le chéile, a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Is féidir é sin a dhéanamh ar chúpla bealach. Is féidir linn pleanáil ina leith ach tá samplaí againn ó thíortha eile ó thaobh conas mar a oibríonn an chairt seo. Leagtar síos bun-chearta agus bun-rialacha maidir leis an teanga atá acu. Tá an Teachta Ó Dálaigh tar éis a lua cheana féin an charte de la langue française atá i gCeanada ach tá cinn eile ann i dtíortha eile, áit a leagtar amach go díreach na dualgais chun nach bhfuil dabht ar bith ann fúthu. Ní bheadh gá leis an reachtaíocht seo nó reachtaíocht eile dá mbeadh sé sin leagtha amach chomh sonrach agus ba chóir agus dá mbeadh sé sin achtaithe. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh sé sa Bhunreacht mar b'fhéidir go dtuigfeadh daoine ansin é ach tá sé sa Bhunreacht cheana féin gurb í teanga oifigiúil an Stáit an Ghaeilge. In ainneoin sin, níl an Stát ag caitheamh leis an bpríomhtheanga oifigiúil seo sa bhealach ceart. Sa leasú seo tá muidne ag moladh, ar leith gach duine, go mbeadh na comhlachtaí go dtugaimid liosta dóibh clúdaithe ag an gcairt seo. I slí amháin tá roinnt de seo clúdaithe ag an reachtaíocht atá á plé againn. Bhí sé in ainm is a bheith clúdaithe sa bhun-reachtaíocht i 2003 ach ní léir sin domsa agus ní léir é don chuid is mó den phobal. Nílimid ag rá sa leasú seo gur chóir go dtarlóidh sé anois ach caithfimid smaoineamh, a luaithe is atá sé seo críochnaithe agus achtaithe, faoi cad é an chéad chéim eile agus conas gur féidir linn céim eile a thógáil. An gá dúinn dul i dtreo tionól saoránachta, citizens' assembly, mar a bhí ann le déanaí, nó an convention bunreachtúil a bhí ann roimhe sin? Ba rudaí an-mhaith a bhí iontu sin, áiteanna ina raibh daoine ag plé na gceisteanna seo, agus bhí tuiscint acu ar conas mar a chaitheann daoine le gnéithe difriúla. D'fhoghlaim muid ar fad mar phobal, mar shochaí agus mar Stát na cearta agus na dualgais atá orainn mar shaoránaigh. Seo atá ann nuair a leagtar síos cearta daonna atá ann le blianta. Sin an sórt ruda atá i gceist toisc nach léir go bhfuil an chosaint chuí ag an nGaeilge. Toisc sin caithimid dul sa treo agus seasamh níos soiléire a ghlacadh ó thaobh cearta teanga Gaeilgeoirí, an teanga féin agus, b'fhéidir dá réir, an Ghaeltacht. Tá siad ar fad fite fuaite. Moltar sa leasú go mbeadh moladh ar leith do "ceart d’oibrithe sa Ghaeltacht a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge". Tá moladh eile: "i leith ceart do thomhaltóirí earraí agus seirbhísí sa Ghaeltacht go gcuirfí ar an eolas iad i nGaeilge agus go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge". Tá liosta ábhair gur chóir a bheith sa tuarascáil agus má chastar an leathanach go dtí leasú Uimh. 23, sin an sórt foclaíocht a mhol muidne. Ní féidir liomsa é a chur toisc na srianta atá orm ach b'fhiú féachaint ar an mbealach gur chóir dúinn dul chun déanamh cinnte de go bhfuil an stádas atá bronnta ar an nGaeilge sa Bhunreacht á shásamh. Níl sé á shásamh agus dá réir sin caithfear é a leagan amach níos loime ná mar atá sa Bhunreacht más féidir. Ní thuigeann roinnt daoine an stádas atá ann. Toisc go mbeadh sé chomh sonrach sin, b'fhéidir nach mbeadh gá do dhaoine casadh ar an gcúirt agus cosaint an dlí a lorg chun an cearta sin a shásamh. De réir nach mbeadh an oiread sin cásanna os comhair na cúirte, bheadh tuiscint níos fearr acu siúd atá ag diúltú na dualgais atá orthu maidir leis an nGaeilge agus déanfadh siad iad a chomhlíonadh. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann glacadh leis seo. Ní ualach mór ar an státchóras é glacadh leis an leasú seo mar níl air ach tuarascáil a dhéanamh agus dréacht a chur le chéile. Ní gá dul thar sin agus is féidir leis an Oireachtas déileáil leis an dréacht nuair atá sé curtha os ár gcomhair. Is féidir linne ar fad, mar Bhaill Thithe an Oireachtais agus mar reachtóirí, déileáil leis agus reachtaíocht ceart a dhéanamh as bunaithe ar an gceart teanga atá ann nó bunaithe ar an gceart i gCeanada a luaigh an Teachta Daly. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06