Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní fheictear dom go dteastaíonn leasú Uimh. 22 nó go bhfuil fiúntas ag baint leis. Baineann an tAcht agus an Bille le seirbhísí Stáit. Baineann cuid de na comhlachtaí atá luaite sa leasú leis an earnáil príobháideach. Chomh maith leis sin, tá i gceist againn déileáil leis go leor de na nithe atá luaite sa leasú sna caighdeáin nua teanga. Níl i gceist agam glacadh leis an leasú seo dá bharr. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06