Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 24: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht trí “, agus a chur faoi bhráid cibé comhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais a dhéanann plé ar ábhair bheartais a bhaineann leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht, leis na hoileáin agus le pobal labhartha na Gaeilge”, a chur isteach i ndiaidh “gach Teach den Oireachtas”.”. Is leasú simplí é seo. Tá tuarascáil bhliantúil in ainm agus a bheith déanta ag an Aire mar gheall ar an Acht teanga seo agus fáiltímid roimh sin. Tá muidne ag triall a dhéanamh cinnte de, seachas go dtosnódh sé sa leabharlann, go mbeadh sé dírithe ar pé chomhchoiste atá againn atá freagrach as an nGaeilge. Táimid ag lorg go dtarlódh sin go huathoibríoch. Uaireanta cuirtear faoi bhráid na Dála na tuarascálacha seo agus níl fadhb ar bith agam leis sin ach i roinnt cásanna ba chóir go mbeadh siad curtha díreach chuig an gcoiste, ní díreach ó thaobh na Gaeilge de ach ó thaobh a lán ceisteanna eile. Cuirfeadh sin iachall ar an gcoiste sin déileáil leis. Sin an méid atá i gceist. Mionathrú atá ann ach ba mhaith linn go dtarlódh sin le haon Bhille. Tarlaíonn an rud céanna leis an tuarascáil a thagann ón gCoimisinéir Teanga. Déanann an coiste déileáil leis mar tá sé sa remit atá ag an gcoiste go dtiocfaidh sé os a comhair. Tarlaíonn sé leis an tuarascáil a thagann ó Ombudsman Óglaigh na hÉireann agus a leithéid. Téann sin os comhair na coistí a bhaineann le cúrsaí cosanta agus glacaim leis go bhfuil sé fíor faoi thuarascálacha eile. Sin a bhfuilimid ag lorg sna cásanna sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06