Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 25: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht trí "(1) Déanfaidh" a chur in ionad "Déanfaidh" agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "roimhe sin.": "(2) Déanfaidh an tAire, i gcomhchomhairle leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ar mhaithe le bunús ar bhonn taighde a chinntiú do bheartais Stáit i leith na dteangacha oifigiúla, ina leagfar amach moltaí praiticiúla d’fhonn rannóg bhuan um staidreamh sochtheangeolaíoch a bhunú, is rannóg a bheidh comhdhéanta de dhaoine ag a mbeidh saineolas áirithe sa tsochtheangeolaíocht agus inniúlacht sa Ghaeilge, chun: (a) taighde leanúnach a chomhordú ar chás sochtheangeolaíoch na Gaeilge sa Stát agus go háirithe ar chás sochtheangeolaíoch na Gaeltachta; (b) grinnscrúdú a dhéanamh, de réir mar is cuí leis an bPríomh- Shochtheangeolaí, ar an tionchar a bheidh ag aon Bhille nó beartas a mholfaidh an Rialtas ar shochtheangeolaíocht an Stáit agus na Gaeltachta; (c) staidéar cuimsitheach teangeolaíoch a eagrú i gcomhar le saineolaithe agus institiúidí tríú leibhéal ar bhonn rialta, gach cúigiú nó deichiú bliain, agus moltaí a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar bhonn an staidéir sin i dtuarascáil.".". Tá an leasú seo ag triall a dhéanamh cinnte de go mbeadh rannóg sochtheangeolaíochta i gceist agus muid ag plé seo. Fáiltím roimh an aitheantas a rinne an tAire Stáit inné i bhfreagra oifigiúil chugam ar cheist parlaiminte. Tá seo in ainneoin na hiarrachtaí a rinne an Teachta Connolly an Stát a fháil chun a admháil go bhfuil géarchéim ann ó thaobh sochtheangeolaíocht sa Ghaeltacht. Níl mé ag iarraidh sise a tharraingt isteach sa díospóireacht ach rinne sí cúpla iarracht é sin a dhéanamh thar na blianta. Sonraíodh sin sa tuarascáil is déanaí de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta agus sa fhreagra a fuair mé inné. D'admhaigh an tAire Stáit go hoifigiúil don chéad uair go bhfuil géarchéim ann. Tá sin tábhachtach mar nuair atá géarchéim ann caithfidh an Stát casadh agus déileáil léi, seachas go bhfuil fadhb beag ag tarlú diaidh ar ndiaidh agus nach bhfuil aon fhuadar nó deifir ann. Tá taighde againn chomh fada siar leis an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta in 2007. Fiú roimhe sin, thuig muid ar fad go raibh fadhb ann. Sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta in 2007 ba léir go bhfaigheadh an Ghaeilge bás mar theanga labhartha teaghlaigh agus sa phobal, fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta, roimh dheireadh na deich mbliana atá romhainn gan athruithe móra. Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil seo á phlé againn agus go bhfuilimid ag déanamh iarracht cosaint a dhéanamh uirthi, ach tá an méid atá sa leasú seo ag lorg céim eile chun tosaigh a ghlacadh. Agus géarchéim chomh mór leis sin os ár gcomhair, ní mór dúinn a bheith cinnte go mbeadh aon pholasaithe bunaithe ar thaighde chuimsitheach agus monatóireacht leanúnach ar chás na Gaeltachta agus na teanga má tá an dainséar ann nach dtabharfadh muid comharthaí tábhachtacha faoi deara go dtí go bhfuil an drochthionchar nó an drochthoradh tar éis tarlú. Sa chás sin, ní thabharfadh muid faoin bhfadhb leis an bpráinn atá de dhíth. Tuigeann aon duine atá ceist na Gaeltachta agus na Gaeilge á phlé acu le tamall anuas cé chomh práinneach is atá sé. Úsáidtear an fhoclaíocht Bhéarla “all hands on deck” nuair a bhíonn bád ag dul go tóin poill. Is é sin a bhí i gceist ó thaobh na Gaeltachta de sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, agus atá i gceist in aon staidéar déanta ó shin: an creimeadh atá ag tarlú ar theorainn na Gaeltachta agus atá ag tarlú laistigh den Ghaeltacht ó thaobh na Gaeilge a bheith ina teanga labhartha ag dreamanna difriúla in áiteanna difriúla agus na fadhbanna a bhíonn acu. Níl muid tapa go leor chun na céimeanna atá de dhíth ag glacadh. Aithníonn go leor daoine na céimeanna sin ach níl an liathróid fhíse againn ar féidir linn a rá go n-oibreoidh na céimeanna go léir a bhfuiltear ag smaoineamh orthu. Sin é an fáth go ndéanaimid cinnte go bhfuil rannóg theangeolaíochta sa Phríomh-Oifig Staidrimh ionas go dtarraingíonn siad an t-ábhar de shíor agus na sonraí atá de dhíth lena chinntiú go mbeidh athrú ag teacht. Is ar an mbunús sin go bhfuilimid ag lorg tuarascáil ón Aire Stáit maidir le rannóg bhuan de saineolaithe a bhunú sa Phríomh-Oifig Staidrimh chun tabhairt faoin gceist seo. Bheadh feidhm ag an rannóg taighde leanúnach a chomhordú, grinnstaidéar agus grinnscrúdú a dhéanamh ar Bhille nó beartas Rialtas atá molta lena féachaint cad é an tionchar a bheadh acu ar chás na teanga agus na Gaeltachta, agus staidéar cuimsitheach a eagrú gach cúig bliana nó gach deich mbliana agus a chur faoi bhráid an Oireachtais lena léiriú dúinn conas mar atá ag éirí linn sa phlean tarrthála an creimeadh a stopadh. Chuir Coimisiún na Gaeltachta tuarascáil chuimsitheach le chéile ar conas an Ghaeltacht a shlánú chomh fada siar le 1927 - lig dúinn smaoineamh air sin - bunaithe ar thaighde mór, an chéad daonáireamh de chuid an Stáit ina measc. Bhí a lán moltaí ann agus tá sé spéisiúil iad a léamh beagnach 100 bliain ina dhiaidh sin. Tá a lán de na moltaí sin fós beo anois. An fhadhb is mó atá agam ná nach féidir le lucht An Gharda Síochána – na daoine a rinne an taighde – nó na hoifigigh sa Phríomh-Oifig Staidrimh teacht ar na bundoiciméid. Tá an tuairisc againn ach níl na bundoiciméid. Bheadh said an-spéisiúil mar thabharfadh siad léiriú níos cruinne dúinn ar an gcreimeadh a tharla ó bunaíodh an Stát, ó 1926 nuair a rinneadh an tuarascáil chuimsitheach agus staidéar an daonáirimh. Níos measa fós, is cosúil ó na freagraí atá faighte agamsa ón Taoiseach, ón Aire Stáit agus An Garda Síochána nach féidir leo teacht ar na bundoicuméid. Is trua é sin toisc gur cuid d’oidhreacht na Gaeilge iad. Tagann an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi chúram an Taoisigh agus mar sin tá sé de cheart aige rannóg mar seo a bhunú chomh luath agus is mian leis. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh go gcinnteodh an tAire Stáit go n-ardóidh an Rialtas an cheist seo agus go mbeidh bunús agus tacú staidéir d’aon imeachta a tharlaíonn amach anseo ionas go mbeidh cosaint ann. Thagair mé do TG4 i gcomhthéacs ceisteanna pleanála. Baineann an cheist mhór sin leis an dainséar agus an t-ualach agus an t-ionsaí atá an Ghaeilge faoi. Is leasú maith é seo. Bheadh buntáiste maith ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta le teacht as an méid a cuireadh isteach ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06