Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 25 i láthair na huaire. Beidh an coiste comhairleach ag déanamh taighde chun plean náisiúnta agus tuarascála a réiteach. Níl sé i gceist agam forálacha eile a chur sa Bhille maidir le tuarascálacha breise. Beidh an chineáil taighde atá luaite sa leasú le déanamh ag eagraíochtaí Stáit ar nós mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Mar shampla, seoladh an taighde a rinne Tuismitheoirí na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge sa theaghlach le déanaí. Mar sin, nílim ag glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06