Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Is trua sin. Ar slí amháin, tuigim go bhfuil dualgas á chur ar an gcoiste comhairleach agus go bhfuil sé leagtha síos, ach tá ról lárnach ó thaobh taighde a dhéanamh agus staitisticí a bhailiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Tá na scileanna acu chun tabhairt faoin obair i gceart. Bheadh sé go maith dá mbeadh an oifig ceangailte leis an gcoiste comhairleach ionas go dtuigfidís an dualgas breise orthu. Ní hé sin amháin a bhí i gceist ag an leasú seo. Caithfear a chinntiú sna polasaithe agus na bearta Stáit a bheidh ann amach anseo go mbeidh duine éigin ag féachaint orthu sula rithfear iad chun fáil amach cén damáiste a dhéanfar nó cén tionchar a bheidh ann ó thaobh na Gaeltachta. D’fhéadfadh tionchar maith a bheith i gceist agus bheadh sé sin go hiontach. Bheadh súil eile á chaitheamh ar an reachtaíocht. Thaistil mé go hAlbain cúpla bliain ó shin mar bhall de choiste Oireachtais na Gaeilge chun féachaint ar an equality budgeting a bhí acu. Tá rannóg áirithe acu sa pharlaimint atá freagrach as féachaint ar an bhfuil an reachtaíocht ag cloí le comhionannas agus cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag polasaí nó reachtaíocht áirithe. Tharlaíonn a leithéid sular ritear an reachtaíocht agus sular daingnítear an polasaí. Ba chóir go mbeadh duine nó eagraíocht ag faire an bhféadfadh drochthionchar a bheith ag aon pholasaí nó aon reachtaíocht ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Is léir ón méid atá ráite ag daoine thar na blianta agus ag an Aire Stáit go bhfuil géarchéim ann. Más rud é go bhfuil géarchéim ann, uirlis bheag san arm iomlán a bheadh i bhforálacha an leasaithe seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06