Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh 26: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht 4 . Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “gach duine” a chur isteach in ionad “comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas”.”. Tá sé thar am dúinn aithint go soiléir go bhfuil parlaimint dhátheangach againn i dTithe an Oireachtais. Tá na cearta céanna ag Gaeilgeoirí agus Béarlóirí agus ní cearta srianta iad do Chomhaltaí ina dTeach féin. Is leasú simplí é seo a chinntíonn go n-aithnítear na cearta seo san Oireachtas. Aithnítear sa leasú teangacha oifigiúla an Oireachtais agus cearta teanga ionas nach mbeidh aon srianta ann. Maidir leis na leasuithe dícheadaithe, bhí dul chun cinn déanta againn ach ní féidir linn déileáil leo toisc go bhfuil siad as ord. Dúirt an tAire Stáit ar Chéim an Choiste go dtiocfadh Tithe an Oireachtais faoi na caighdeáin teanga. Mar a dúradh, níl na caighdeáin sin againn ach tá súil againn go gcuirfear ar fáil iad. Beidh sé deacair Tithe an Oireachtais a chur go hiomlán faoi na gcaighdeán sin toisc, ar bhealach amháin, go ndéanann Tithe an Oireachtais a rialacha féin. Nílim ag súil go ndéanfaidh sé neamhaird ar an reachtaíocht. Ba cheart go mbeadh sé chun tosaigh in aon reachtaíocht agus níor cheart go mbeadh gá le reachtaíocht a impíonn ar na Tithe cloí go hiomlán leis seo agus meas iomlán a thabhairt don Ghaeilge sna Tithe. Tá dul chun cinn déanta ach níl cothrom na Féinne ann má tá muidne, mar Theachtaí, ag iarraidh déileáil trí Ghaeilge le gach uile rud. Is fadhb í nach n-athróimid thar oíche agus glacaimid leis sin. Is féidir liom mo ghnó a dhéanamh ar an reachtaíocht seo go hiomlán i nGaeilge. Is féidir liom mo ghnó a dhéanamh ar aon reachtaíocht i nGaeilge, má tá mé cliste go leor, mar go mbeidh an reachtaíocht i mBéarla. Beidh orm na leasuithe a chur i mBéarla. Is cuimhin liom am a raibh reachtaíocht ann faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí an reachtaíocht i mBéarla agus chuir mé leasuithe isteach i nGaelge chun déileáil leis an gcuid ina rabhthas ag tarraingt siar ón dualgas a bhí ar an ollscoil ó thaobh na Gaeilge de. Bhí orm iad a tharraingt siar agus a chur ar ais i mBéarla toisc go raibh an reachtaíocht i mBéarla. Ní raibh an t-aitheantas ann ná an córas in ann déileáil leis. Ag glacadh leis nach bhfuilimid ag an staid gur féidir linn reachtaíocht a fhoilsiú go comhionann i nGaeilge agus i mBéarla - is é seo ceann de na chéad chinn atá ann, agus chonaiceamar ar fad na deacrachtaí atá ag an gcóras toisc nach bhfuil go leor foirne ann chun déileáil leis i gceart - lorg mise thar na blianta go mbeadh an meabhrán míniúcháin ar a laghad ar fáil i nGaeilge do ghach uile reachtaíocht. Níl sé sin ann fiú, níl aon stádas dlíthiúil aige sin agus ní gá dó dul trí na checks and balances a bhíonn ag tarlú ó thaobh na leasuithe nó aon reachtaíocht nó gnó eile mar sin. Tá deacrachtaí ar leith anseo. Tá a lán dul chun cinn á dhéanamh. Aontaím leis an Aire Stáit, más gá gur chóir go mbeadh Tithe an Oireachtais faoi chaighdeán, gur chóir go mbeimis ar an gcaighdeán is airde agus inár n-eiseamláirí don chuid eile den tír agus do na comhlachtaí poiblí. Níor chóir go mbeimis ar caighdeán in aon chor; ba chóir go mbeimis chun tosaigh, agus níl sé sin fíor. Is iad sin roinnt de na fáthanna atá taobh thiar de na leasuithe seo. Níl mé chun iad a bhrú rófhada. Tá mé ar bís tacú le haon bhogadh nó cinneadh a bhfuilimid chun glacadh leis, mar Thithe an Oireachtais, chun déanamh cinnte de go bhfuil an Ghaeilge níos feiceálaí, nach mbeidh aon rud ag dul suas nach bhfuil dhátheangach, agus go mbeidh cuidiú dóibh siúd atá sásta, mar atá faoi láthair, an Ghaeilge a labhairt agus a fhoghlaim i dTithe an Oireachtais. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06