Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Déileálfaidh mé le leasuithe Uimh. 26 go 28, go huile, le chéile. Ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo. Is gnó iad seo do Thithe an Oireachtais agus ní chuireann ceachtar de na trí leasuithe seo leis an mbrí atá leis an méid atá san Acht cheana féin. De réir an Bhunreachta is í an Ghaeilge príomhtheanga náisiúnta na tíre seo. Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil sa tír seo. Ba laghdú stádais a bheadh i gceist leis an bhfoclaíocht atá molta agus, mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis. Cinntíonn an tAcht mar atá sé go bhfuil sé de ceart ag comhlachtaí na dTithe agus aon duine a thagann os comhair na dTithe nó a gcoistí a rogha teanga oifigiúla a úsáid. Mar sin, ní fheicim go gcuireann na leasuithe seo go ginearálta leis an méid atá san Acht cheana féin. Is fiú a nótáil go dtiocfaidh Tithe an Oireachtais faoi Acht na gcaighdeán teanga agus go gcuirfidh sé seo leis an leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge i gcoitinne. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06