Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tuigim gur féidir léamh a dhéanamh ar na leasuithe mar laghdú stádais ach is é a mhalairt atá i gceist. Tá siad ag déanamh cinnte go bhfuil an stádas ann, rud nach bhfuil fíor faoi láthair. B'fhéidir go ndéanann Tithe an Oireachtais a rialacháin féin ach ní fíor gur féidir le haon duine teacht os comhair Thithe an Oireachtais agus Gaeilge a labhairt, mar is léir nuair nach raibh an córas aistriúcháin ag obair sa choiste le linn na paindéime. Bhí orainn an áit seo a úsáid mar nach bhfuil na hacmhainní ann go fóill. B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, cosúil le rudaí eile. Is minic a bhíonn an ceart agat rud a dhéanamh ach níl an acmhainn ann. Ní ag caitheamh anuas ar aon duine atá mé ach tá fadhb bhunúsach ann. Ní ghlacfaí i gCeanada, sa Fhrainc, i dTír na mBascach ná in aon áit eile a bhfuil dhá nó trí theanga ann le cuid mhór de na bealaí a loiceann an Stát seo ar shaoránaigh. Bheifí os comhair na cúirte gach uile lá. B’fhéidir nach mbeadh an Pharlaimint os a gcomhair ach bheadh sé náirithe go hiomlán. Tréaslaím leo siúd atá ag déanamh iarracht déileáil leis na fadhbanna seo ach is as frustrachas, ar slí amháin, a tháinig na leasuithe a bhfuilimid ag déileáil leo anseo. Is de bharr frustrachais uaim agus ó dhaoine eile. Tá mé bainteach le coiste anseo, le Conradh na Gaeilge, leis an gCeann Comhairle agus le daoine eile atá ag déanamh iarracht déileáil leis, fadhbanna a aithint agus tabhairt fúthu, agus cur chuige ceart a dhéanamh. Chaith an domhan an phaindéim i lár gach rud agus chuamar siar. Tá súil agam gur féidir linn dul chun tosaigh go gasta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06