Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 34: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “teangacha oifigiúla.”: “(a) Déanfaidh an tAire, tar éis taighde a dhéanamh ar riaráistí na nAchtanna nach bhfuil clóite agus foilsithe ach i gceann amháin den dá theanga oifigiúla go dtí sin, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach scála ama chun na riaráistí a ghlanadh a luaithe is féidir agus moltaí praiticiúla chun oibriú chun gach Bille agus gach Acht den Oireachtas a achtú, a chló agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. (b) Ní choiscfidh aon ní san alt seo Bille nó Acht a achtú, a chló nó a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.”.” Ó thaobh leasú Uimh. 37 de, is tuarascáil atá á lorg uainn maidir le riaráistí Achtanna. Ní bheadh gá leis an leasú seo dá mbeadh an tAire Stáit oscailte roimh leasú Uimh. 36. Níl an locht air nach mbeidh sé á phlé againn toisc go bhfuil sé as ord. Luamar ar Chéim an Choiste go ndéanfar gach Bille agus Acht an Oireachtais a achtú a chló agus a fhoilsiú go comhionann i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. Ba chéim mhór a bheadh ann, mar a luaigh mé agus muid ag déileáil leis an leasú deireanach, bogadh sa treo sin, ach is gá é a dhéanamh. Dá ndéanfaí an rud céanna agus a dhéanann an tAontas Eorpach agus leaganacha Gaeilge agus Béarla a chur le chéile agus ar fáil ó mholtar an Bille sa chéad dul síos, ní bheadh aon fhadhb ó thaobh riaráistí de mar go mbeidís foilsithe agus achtaithe go comhionann. Má dhéileáiltear leis an bhfadhb ar dtús báire, ní bheidh fadhb ann ina dhiaidh. Tá fadhb dhainséarach againn anois toisc an oiread riaráistí atá ann agus ó thaobh na gcúirteanna de agus dóibh siúd atá ag féachaint ar reachtaíocht nó atá ag gabháil don reachtaíocht nuair atá sí achtaithe mar nach bhfuil leagan Gaeilge acu. Tá sé luaite againn cheana féin agus ag an Aire Stáit díreach ansin go bhfuil an Ghaeilge ina príomhtheanga agus gurb an teanga náisiúnta í. Dá réir, is é an tAcht i nGaeilge an tAcht príomha, ach mura bhfuil sé ann, conas is féidir leis an tAcht a bheith ina dhlí? Ní bheadh fadhb ann dá mbeadh an leagan sin ann, agus mar sin caithimid déanamh cinnte de go ndéileáileann muid leis seo i gceart, agus ní an tAire Stáit an t-aon duine a rinne mé an argóint seo leis. Tá sé déanta agam ó toghadh mé. Chonaiceamar an fhadhb a bhí againn nuair a tháinig an reachtaíocht seo os ár gcomhair i mí na Nollag, toisc nach gnáthchleachtas é reachtaíocht a fhoilsiú go comhionann agus nach raibh go leor de na hoifigigh dhíograiseacha in Oifig na mBillí agus iad ag triail le déileáil leis an reachtaíocht. Fiú ag an stad seo, bhí siad ag obair go dtí 5 a.m. inné ag triail le déileáil leis na leasuithe, leis an ngrúpáil agus le leasuithe a chur as ord. Tá sé deacair orthu toisc nach gnáthchleachtas é. Má bhogaimid i dtreo gnathchleachtais, éiríonn sé níos éasca agus bíonn tuiscint níos fearr air agus bíonn an trealamh agus an acmhainn ag na hoifigigh. Chinn na cúirteanna go bhfuil éagóir déanta ar Ghaeilgeoirí nuair nach bhfuil na hAchtanna ar fáil ina dteanga féin. Dúradh fiú go bhfuil seans ann nach bhféadfaí duine a chiontú agus an dlí briste nó coireacht déanta aige nó aici, mura bhfuil fáil ar roinnt de na dlíthe faoina bhfuil sé nó sí á chúisiú, mura bhfuil siad ar fáil as Gaeilge. Dar leis na cúirteanna, ní mór na riaráistí a ghlanadh faoi 2024, nó bheadh impleachtaí sna cúirteanna. Dúradh é sin le déanaí sna cúirteanna, fiú agus Rannóg an Aistriúcháin ag déanamh gach ní is féidir léi chun na hAchtanna nach bhfuil aistrithe a fhoilsiú. Ní féidir leanúint ar aghaidh mar seo agus tuilleadh Achtanna a fhoilsiú. Bhí an Rialtas ag maíomh le déanaí go raibh níos mó Billí rite agus achtaithe dá réir ná roimhe seo. Beidh Rannóg an Aistriúcháin ag déileáil leo sin agus a tharlaíonn siad ach tá fadhb ann ó thaobh na reachtaíochta de. Bhí tuairisc ag an gcoiste cúpla mí ó shin agus nuair a d'fhéachamar air, ba léir go mbeadh ar an rannóg ceann de na Billí nó na hAchtanna atá os a comhair a ghlanadh gach uile sheachtain idir seo agus 2024 chun na riaráistí a ghlanadh. Tá an t-ualach chomh mór sin uirthi agus tá jab mór uirthi. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag impí go bhféachfaimid ar an gceist seo agus go dtiocfaimid ar ais chuici chomh rialta agus is féidir, ionas go mbeimid in ann déileáil leis agus nach mbeidh aon seans ann in 2024 go mbeadh daoine á shaoradh ó na cúirteanna toisc nach bhfuil an reachtaíocht ar fáil chun iad a chiontú más í sin an fhadhb. Seachas sin, tá sé de cheart ag an saoránach go mbeadh na dlíthe i dteanga náisiúnta an Stáit. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06