Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Ba mhaith liom mo thacaíocht a thabhairt do na leasuithe seo. Tá an Ghaeilge ag feidhmiú i bpolasaí i ndáiríre an t-am uile. Go hoifigiúil, is í teanga oifigiúil na tíre í. Ar lámh eile, tá sí ag feidhmiú mar mhionteanga. Is é sin an fhadhb. Níl an reachtaíocht aistrithe. De réir mar a thuigim, tá plean anois, ach feicfimid. Is dócha go gclúdaíonn na leasuithe seo, agus an réiteach atá molta ar an bhfhadhb atá leagtha amach, an dearcadh a bhí agus atá ag gach Rialtas ó thaobh na teanga de. Tá sé ann mar shiombail. Tá sí ann mar ornáid ach níl sí ann mar theanga oifigiúil an Stáit. Tá sé thar a bheith deacair domsa, mar Theachta Dála, mo chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, beag beann ar m’ábaltacht sa Ghaeilge ach go háirithe de bharr easpa cáipéisí i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh frásaí áirithe chun tacaíocht a thabhairt dúinn. Tá mise in ainm Gaeilge a bheith agam agus tá sé deacair dom. Tuigim cé chomh deacair is atá sé do na Teachtaí Dála eile agus don fhoireann. Ba mhaith liom an deis a thapú mo bhuíochas a ghabháil le hOifig na mBillí. Bhí jab thar a bheith deacair ag an bhfoireann san oifig agus níl locht ar bith orthu. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, bhí siad ag obair go dtí 5 a.m. agus ag déanamh a ndícheall an Bille seo a chur os ár gcomhair leis na leasuithe uile. Léiríonn sé cé chomh deacair is atá sé do gach duine sa chóras de bharr céimeanna a thógtaí. Níor tharla sé seo thar oíche. Tá sé seo ag tarlú leis na blianta. Anois, táimid sa choirnéal seo le reachtaíocht nach bhfuil athraithe. Tá dul chun cinn déanta san Eoraip. Tá neart deiseanna san Eoraip agus tá gach rud athraithe anois. Sa tír seo, áit a bhfuil an teanga mar theanga oifigiúil, is é a mhalairt atá i gceist. Níl a fhios agam cad é atá le rá ag an Aire Stáit ach aontaím leis an réasúnaíocht atá taobh thiar de na leasuithe seo. Is mór an trua agus an náire é go bhfuil orainn na leasuithe seo a chur chun cinn agus sa chás seo, go bhfuil ar Shinn Féin na leasuithe seo a chur os comhair na Dála. Ba chóir go mbeadh an fhadhb réitithe roimhe seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06