Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ní bheidh mé ag glacadh le leasuithe Uimh. 34 agus 37. Is gnó é de Thithe an Oireachtais gach Bille agus gach Acht an Oireachtais a achtú, a chló agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla agus teangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh don lucht éisteachta ar aon imeachtaí nó ráitis oifigiúla de chuid an Rialtais. Mholfainn don Teachta an cheist seo a thógáil le Coimisiún Thithe an Oireachtais agus b'fhéidir go mbeadh seans ag an gCoiste Gnó an cheist seo a phlé freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06