Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Seán Ó Fearghaíl (CC), Kildare South Chun míniú beag a thabhairt do dhaoine, is í an fhadhb is mó ná daoine foirne a earcú do Rannóg an Aistriúcháin. Is é ceann de na príomhfhadhbanna atá ansin ná go bhfuil an Comhphobal Eorpach in ann tuarastal agus coinníollacha i bhfad níos fearr a ofráil dóibh siúd atá cáilithe ná mar atá muidne in ann a dhéanamh anseo. Ní easpa acmhainne ná toille atá ann ach easpa daoine chun teacht agus an obair a dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06