Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Aithním é sin. Bhí seisiún maith againn níos luaithe i mbliana le Cléireach na Dála agus Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais agus iad ag tabhairt mínithe dúinn faoin gceist seo. A luaithe agus atá Bille achtaithe, ní díreach ceist do Thithe an Oireachtais é nach bhfuil sé ar fáil i nGaeilge, mar go bhfuil tionchar aige ar an dlí. Tá na breithiúna ag caint faoin reachtaíocht agus faoi ionstraimí chomh maith. Tá cinneadh á dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil an Stát ag déanamh achomharc ar an méid a dúirt breitheamh le déanaí maidir leis na hionstraimí a bheith ar fáil. Tá tionchar ann agus caithfimid déileáil leis. Tá dáta leagtha síos ag na cúirteanna. Tá siad dár gcur ar fionraí ar feadh tamaill. Caithfimid déileáil leis. Tuigim an méid a dúradh ó thaobh an Aontais Eorpaigh de. Tá sé ait go bhfuil an tAontas Eorpach chun tosaigh orainn ó thaobh reachtaíochta agus gach rud eile de. Beimid á náire acusan ó thaobh na Gaeilge agus reachtaíochta de. Níl réiteach na faidhbe agam agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag lorg go mbeadh taighde déanta. Tá sé déanta cheana féin. Ní jab mór é. Tá sé déanta agus cuireadh faoi bhráid an choiste é. Tá sé i gceist againn go dtarlóidh sé seo go rialta, gach sé mhí nó bliain mar atá luaite. Ba chóir go mbeadh sé ar an gclár oibre againn agus go dtuigimis cé chomh práinneach is atá sé seo agus go ndéanfaimid déileáil leis. Más gá daoine a tharraingt as an Eoraip, tuilleadh airgid a chur ar fáil nó bealach éigin eile a fháil chun iad a chur ag obair anseo, ba cheart go ndéanfaimis é sin. Go bhfios dom, tá na Billí atá á rith agus á achtú againn ar fáil go dátheangach. Mar sin, táimid tar éis déileáil le sin. Is í an fhadhb ná na riaráistí atá ann, roinnt acu ag dul siar tamall maith de bhlianta. Dá bhrí sin, níl leithscéal ar bith ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06