Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 37: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: "Úsáid na dTeangacha Oifigiúla sa Rialtas 4. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7: "Úsáid na dTeangacha Oifigiúla sa Rialtas 7A. Déanfaidh an tAire tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, ina leagfar amach scála ama agus moltaí praiticiúla i dtreo ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh don lucht éisteachta ar aon imeachtaí oifigiúla nó ráitis oifigiúla béil de chuid an Rialtais.".". --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06