Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2021-10-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 46: I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: "Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): "(1A) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach na féidearthachtaí atá ann chun an chosaint atá ann don cheart atá ag duine chun an Ghaeilge a labhairt in aon chúirt de réir fho-alt (1) a leathnú lasmuigh den chomhthéacs cúirte ionas go mbeidh cosaint ann don cheart atá ag gach duine chun cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in aon áit sa Stát, agus maidir le córas pionós a d'fhéadfaí a chur i ngníomh dóibh siúd a dhéanann sárú ar an gceart sin, ar bhonn mhúnla an Bhirt Breatnaise sa Bhreatain Bheag.".". --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-10-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:39+00:00 Sitting date: 2021-10-06